Aoife Ni Fhearraigh - Cailín Na Gruaige Báine Lyrics


Aoife Ni Fhearraigh Lyrics

Cailín Na Gruaige Báine Lyrics
Is uaigneach mo shaol
Go gruama faraoir
'Mo thruaill bhocht gan siamsa 'tá mé
'S is brónach a bhím
Gan suaimhneas na hoích'
Go buartha lag cloíte cráite

'Sí 'n stuabhean gheal
Chaoin a rinne gual de mo chroí
'S níl suairceas a choíce i ndán domh
Ó luadh liom mar mhnaoi
Go luath 'dtús mo shaoil
Mo chailín na gruaige báine

'S í bláth bán na gcraobh í
Thug barr ar gach scéimh
Le háilleacht le méid 's le breáchta
'Sí d'fhág mé faoi léan
'Sí chráigh mé gan bhréig
'Gus tá 'fhios ag Mac Dé mo chás-sa

Dá bhfhaighinnse mo rogha
Ó b'ansa liom é
Bheith ar láimh leis a' speirbhean álainn
'S ní náire ar bith liom é
'S í grá geal mo chléibh
Mo chailín na gruaige báine

Dá dtigeadh sí aris
Ar cuairt chun mo thí
Nach mise bheadh aoibhiúil sásta
'S níl áit ar bith dár mhian léi
Nach mbainfinnse fúm
Ach cead 'fháil mo shaol a chaitheamh léi

Nach trua mise 'smaointiú
Go domhain in mo chroí
Nach bhfeicim arís go brách í
Taím buartha bocht faoi chian
Is ní mhairfead beo bliain
Gan cailín na gruaige báine


Soundtracks / Top Hits / One Hit Wonders / TV Themes / Song Quotes / Miscellaneous